Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fiontraíocht Éireann.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 17 November 2009

Tuesday, 17 November 2009

Ceisteanna (81)

Leo Varadkar

Ceist:

124 D’fhiafraigh Deputy Leo Varadkar den Tánaiste agus Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta an aontaíonn sí nár chóir feidhmeanna fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a aistriú go Fiontraíocht Éireann ós rud é gur cuid lárnach agus ríthábhachtach de ghnó an Údaráis iad na feidhmeanna fiontraíochta, agus go ndéanfaí tuilleadh imeallú ar fhiontraíocht sna Gaeltachtaí dá n-aistreofaí na feidhmeanna sin go Fiontraíocht Éireann toisc go mbeadh béim ag Fiontraíocht Éireann ar na cathracha agus na bailte tairsí agus go bhféadfaí neamhshuim a dhéanamh de riachtanais na mbailte iargúlta Gaeltachta, i bhfianaise a cuid cainte ag seoladh Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn i mbliana. [41467/09]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Foilsíodh Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta ar Uimhreacha sna Seirbhísí Poiblí agus Cláir Caiteachas i mí Iúil seo caite. I measc na moltaí atá sa Tuarascáil moltar comhláthrú fheidhm fiontraíochta Údarás na Gaeltachta laistigh de Fhiontraíocht Éireann. Maraon le moltaí go léir an Ghrúpa, tá súil agam go ndéanfaidh an Rialtas scrúdú ar an moladh seo i gcomhthéacs Meastacháin 2010.

Barr
Roinn