Dírím aird an Teachta ar an sliocht seo a leanas atá sa dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge mar a foilsíodh le déanaí:
"Is iad An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge a dhéanfaidh seachadadh ar an oiread seirbhísí nach seirbhísí teanga agus is féidir in aitheantas a bhfuil cruthaithe acu ó thaobh seirbhísí a sheachadadh trí Ghaeilge. Níl sé i gceist mar sin a mholadh go n-aistreofaí aon scéimeanna atá ann agus a fheidhmíonn Údarás na Gaeltachta nó An Roinn chuig Ranna nó gníomhaireachtaí eile ach scrúdófar cláir eile a d'fhéadfadh An Roinn nó an tÚdarás a sheachadadh sa Ghaeltacht."