Mar atá a fhios ag an Teachta, tá laghdú suntasach tagtha ar chostas maireachtála sa tír seo le os cionn bliana. Chomh maith leis sin, ar ndóigh, tá beartas buiséadach an Rialtais athruithe d'fhonn dul i ngleic leis an gcúlú eacnamaíochta agus an tír a chur ar bhóthar a leasa arís. Dá réir sin, tá an soláthar airgid atá ar fáil do mo Roinnse i 2010 laghdaithe. É sin ráite, tá áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil i gceist agam leanúint le Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i 2010 agus le cúnamh a chur ar fáil ó mo Roinnse ina leith. I gcomhthéacs na gcúinsí atá luaite thuas, áfach, ní féidir liom a rá ag an bpointe seo cén ráta sonrach deontais a bheidh i gceist do 2010, cé go bhfuil súil agam go mbeidh ar mo chumas cinneadh a dhéanamh faoi sin go luath.