Mar is eoil don Teachta, tá an dréacht-Straitéis 20-bliain don Ghaeilge faoi bhráid an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Cuimsíonn an dréacht-Straitéis seo forbairt córais pleanála teanga chuimsithigh ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht agus moltar inti go mbeidh stádas na Gaeltachta bunaithe ar chritéir teanga. Nuair a bheidh obair an Chomhchoiste thart agus tuairisc faighte ar ais uaidh, tá súil agam an dréacht-Straitéis, agus í leasaithe más cuí, a thabhairt faoi bhráid an Rialtais le ceadú. Is sa chomhthéacs sin a dhéanfar cinnithe maidir leis an gcineál reachtaíochta atá luaite ag an Teachta.