Skip to main content
Normal View

Caiteachas Caipitil

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 October 2011

Thursday, 6 October 2011

Questions (65)

Éamon Ó Cuív

Question:

65 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén soláthar airgid chaipitil a cuireadh ar fáil i 2011 do bhunscoileanna agus do scoileanna dara leibhéal faoi seach; an méid atá caite faoi gach fomhír acu go dáta i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28018/11]

View answer

Written answers

Tá leithdháileadh caipitil 2011 i gcomhair bunscoileanna agus iarbhunscoileanna comhcheangailte in aon fho-mhírcheann amháin agus is fiú €418m é. Tá €240m de sannta go sealadach don earnáil bhunoideachais agus tá €193m de sin caite go dtí seo. Is é an sannadh sealadach don earnáil iarbhunoideachais ná €178m agus tá €106m de sin caite go dtí seo i mbliana.

Top
Share