Skip to main content
Normal View

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 6 October 2011

Thursday, 6 October 2011

Questions (66)

Éamon Ó Cuív

Question:

66 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a thabharfar cead do Ghaelscoil Chaitlín Maude, uimhir rolla 19872P, ocht seomra ranga nua a thógáil, ar seomraí iad atá ag teastáil go géar de bharr chomh mífheiliúnach agus atá an chóiríocht atá ar fáil ag an scoil faoi láthair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28019/11]

View answer

Written answers

Tá an scoil dá dtagraíonn an Teachta tar éis iarratas a chur faoi bhráid mo Roinne le déanaí ar oibreacha móra feabhsúcháin caipitil. Táthar ag measúnú an iarratais faoi láthair agus beidh mo Roinnse i dteagmháil arís leis an scoil nuair a bheidh an próiseas seo curtha i gcrích.

Is féidir amharc ar stádas reatha gach uile tionscadail ar an gclár tógala scoile ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.education.ie agus nuashonrófar é seo go rialta i gcaitheamh na bliana.

Top
Share