Peadar Tóibín
Question:306 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun chinn atá déanta aige ar mholtaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm [30179/11]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011
306 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun chinn atá déanta aige ar mholtaí an Choimisinéara Teanga a chur i bhfeidhm [30179/11]
View answerGlacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga i dtuairisc a d'fhoilsigh sé níos luaithe i mbliana i ndáil leis an athbhreithniú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá ullmhúcháin sa treis ag mo Roinn faoi láthair chun tús a chur leis an athbhreithniú ar an Acht i gcomhréir leis an ngealltanas atá sonraithe i gClár an Rialtais. Beidh próiseas comhairlúcháin le páirtithe leasmhara mar chuid den athbhreithniú agus, sa chomhthéacs seo, is cinnte go dtógfar san áireamh na moltaí maidir leis an Acht Teanga atá foilsithe ag an gCoimisinéir Teanga. Tá súil agam fógra a dhéanamh go han-luath maidir le tús a chur leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.