Skip to main content
Normal View

Scéim Labhairt na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011

Tuesday, 18 October 2011

Questions (289)

Peadar Tóibín

Question:

307 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén dul chun chinn atá déanta aige ar scéim nua a chur i bhfeidhm in ionad scéim labhairt na Gaeilge [30180/11]

View answer

Written answers

Faoi mar a thug mé le fios i bhfreagraí ar Cheisteanna faoin ábhar céanna ar 22 Meitheamh agus ar 21 Iúil 2011, tá sé i gceist ag mo Roinnse córas nua tacaíochta a thionscnamh in áit Scéim Labhairt na Gaeilge. Faoin scéim nua atá beartaithe, ba mhaith le mo Roinn tacaíocht níos éifeachtaí a thabhairt do ghlúinte tuismitheoirí Gaeltachta chun cabhrú leo a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge. Ar ndóigh, bheadh an scéim úr fite fuaite go dlúth le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Tá oifigigh ó mo Roinn i dteagmháil leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe i leith na scéime úire agus tá súil agam go mbeifear in ann gníomhú ar an ábhar seo chomh luath is a bheidh na cainteanna sin thart.

Top
Share