Peadar Tóibín
Question:310 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil tuairisc aige ar an gCruinniú Aireachta Thuaidh/Theas [30184/11]
View answerDáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011
310 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil tuairisc aige ar an gCruinniú Aireachta Thuaidh/Theas [30184/11]
View answerD'fhreastail mé féin agus an tAire Stáit, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., ar dhá chruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas in Ard Mhacha ar 12 Deireadh Fómhair 2011. Is éard a bhí i gceist ná an cheathrú cruinniú rannach déag d'Uiscebhealaí Éireann agus an tríú cruinniú rannach déag d'Fhoras Teanga na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas. Bhí an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín MLA, agus Aire Sóisearach in Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Jonathan Bell MLA, i láthair ag an gcruinniú thar ceann Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Foilsíonn an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas comhráitis i ndiaidh na gcruinnithe seo ar a suíomh gréasáin. Is féidir na comhráitis ábhartha a fháil ag: http://www.northsouthministerialcouncil.org/index/publications/joint-communiques/sectoral-jc.htm.