Skip to main content
Normal View

Forbairt Pobail

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 18 October 2011

Tuesday, 18 October 2011

Questions (291)

Peadar Tóibín

Question:

309 D’fhiafraigh Peadar Tóibín den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén todhchaí atá i ndán do na comharchumainn Ghaeltachta; agus an bhfuil maoiniú deimhnithe le haghaidh na bliana seo [30182/11]

View answer

Written answers

Tuigim óÚdarás na Gaeltachta go bhfuil ciste de €1.86m ar fáil i mbliana chun deontais reachtála a íoc le tuairim is 30 comharchumann agus eagraíocht pobail atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Beidh cinntí maidir le maoiniú na n-eagraíochtaí seo in 2012 ag brath ar an soláthar airgid a bheidh ar fáil don Údarás agus ar na tosaíochtaí straitéiseacha a mbeidh an soláthar sin dírithe orthu. Ní miste a lua fosta go n-aithnítear sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an tábhacht a bhaineann le rannpháirtíocht agus comhoibriú an phobail maidir le forbairt na pleanála teanga sa Ghaeltacht. Sa chomhthéacs seo, is léir go bhféadfadh ról dearfach a bheith ag na comharchumainn agus ag na heagraíochtaí pobail ag tacú le bearta ábhartha na Straitéise sa réimse pleanála teanga, ach iad a bheith ullmhaithe chuige sin.

Top
Share