Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Questions (15, 16, 17, 18)

Michael McGrath

Question:

52 D’fhiafraigh Michael McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na hathruithe atá i gceist aige d’Údarás na Gaeltachta; an bhfuil níos lú béime anois ar chúrsaí gnó; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5254/12]

View answer

Pádraig Mac Lochlainn

Question:

60 D’fhiafraigh Pádraig Mac Lochlainn den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta céard iad na spriocanna fostaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta i mbliana; agus cén earnálacha ina bhfuil siad sin. [5178/12]

View answer

Pearse Doherty

Question:

75 D’fhiafraigh Pearse Doherty den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cathain a bheidh toghcháin Údarás na Gaeltachta ar siúl; agus cén próiseas toghcháin atá ar intinn aige. [5177/12]

View answer

Jonathan O'Brien

Question:

77 D’fhiafraigh Jonathan O’Brien den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir leis a insint dúinn cén uair a líonfar na folúntais in Údarás na Gaeltachta don Phríomhfheidhmeannach agus do na bainisteoirí réigiúnacha. [5188/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 52, 60, 75 agus 77 le chéile.

Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí polasaí seo a leanas maidir le hÚdarás na Gaeltachta:

go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha an Údaráis go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh;

go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar an Údarás; agus

go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chun bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.

Tá na dréacht-Chinn don mBille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus tá súil agam go gcuirfear faoi bhráid an Rialtais iad go han-luath agus go bhfoilseofar an Bille níos déanaí i mbliana.

D'fhógair an tÚdarás, ina ráiteas deireadh bliana ar 23 Eanáir 2012, go bhfuiltear ag súil, leis na hacmhainní atá ar fáil dó, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua. Beidh straitéis fiontraíochta an Údaráis le linn 2012 dírithe ar thacaíocht a sholáthar dá chomhlachtaí reatha, infheistíocht bhreise a lorg ó chliant-chomhlachtaí nua agus reatha, agus tacú le fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha sna hearnálacha uisce-shaothraithe, turasóireachta agus foraoiseachta. Cuirfear béim ar leith ar an bhfostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur agus ar an líon fostaíochta sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais chuig leibhéil a bhí ann roimhe seo.

Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá cead tugtha agam don Údarás le cúpla lá anuas an post sin a líonadh i gcáil bhuan. Maidir le poist na mBainisteoirí Réigiúnacha, is ceist don Údarás féin a chuid foirne a bhainistiú faoi réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Top
Share