Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 52, 60, 75 agus 77 le chéile.
Ar 31 Bealtaine 2011, thóg an Rialtas na cinntí polasaí seo a leanas maidir le hÚdarás na Gaeltachta:
go mairfidh an status quo maidir le feidhmeanna reatha an Údaráis go ginearálta, a chuid feidhmeanna fiontraíochta san áireamh;
go mbeidh an fhreagracht maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge laistigh den Ghaeltacht ar an Údarás; agus
go ndéanfar foráil faoin mBille Gaeltachta atá beartaithe chun bord an Údaráis a laghdú go suntasach agus chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin do bhord an Údaráis.
Tá na dréacht-Chinn don mBille Gaeltachta, a thabharfaidh feidhm do na cinntí seo de réir mar is cuí, dréachtaithe ag mo Roinn agus tá súil agam go gcuirfear faoi bhráid an Rialtais iad go han-luath agus go bhfoilseofar an Bille níos déanaí i mbliana.
D'fhógair an tÚdarás, ina ráiteas deireadh bliana ar 23 Eanáir 2012, go bhfuiltear ag súil, leis na hacmhainní atá ar fáil dó, go gceadófar tograí nua i rith na bliana a chruthóidh thart ar 700 post nua. Beidh straitéis fiontraíochta an Údaráis le linn 2012 dírithe ar thacaíocht a sholáthar dá chomhlachtaí reatha, infheistíocht bhreise a lorg ó chliant-chomhlachtaí nua agus reatha, agus tacú le fiontair atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha sna hearnálacha uisce-shaothraithe, turasóireachta agus foraoiseachta. Cuirfear béim ar leith ar an bhfostaíocht a cailleadh i gceantair áirithe le roinnt blianta anuas a athchur agus ar an líon fostaíochta sa Ghaeltacht a thabhairt ar ais chuig leibhéil a bhí ann roimhe seo.
Maidir le post phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, tá cead tugtha agam don Údarás le cúpla lá anuas an post sin a líonadh i gcáil bhuan. Maidir le poist na mBainisteoirí Réigiúnacha, is ceist don Údarás féin a chuid foirne a bhainistiú faoi réir na dtreoirlínte atá leagtha síos ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.