Skip to main content
Normal View

Costais Riaracháin

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 31 January 2012

Tuesday, 31 January 2012

Questions (22)

Brendan Smith

Question:

57 D’fhiafraigh Brendan Smith den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad a íocann Foras na Gaeilge ar chostais riaracháin, cíos san áireamh, in aghaidh na bliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5264/12]

View answer

Written answers

Mar áisíneacht den Fhoras Teanga, déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniúó mo Roinnse agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, i gcomhréir le buiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.

Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go raibh costais riaracháin measta de €5.49m i gceist don bhliain 2011. Ba chóir a mhíniú go gclúdaíonn na costais riaracháin sin réimse leathan caiteachais mar a bhaineann le pá agus cúrsaí foirne, riarachán ginearálta, cíos oifige, árachas, iniúchóireacht agus nithe gaolmhara eile.

Is foireann de 60 duine a bhí fostaithe ag Foras na Gaeilge ar 31 Nollaig 2011, ina measc naonúr a bhí fostaithe ar bhonn conartha ag plé leis an mórfhoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá foireann an Fhorais lonnaithe i gcúig oifig, lena n-áirítear dhá oifig i mBaile Átha Cliath agus oifigí eile i Ráth Chairn, Gaoth Dobhair agus Béal Feirste.

Top
Share