Mar áisíneacht den Fhoras Teanga, déantar Foras na Gaeilge a mhaoiniúó mo Roinnse agus ón Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, i gcomhréir le buiséid atá ceadaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas.
Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go raibh costais riaracháin measta de €5.49m i gceist don bhliain 2011. Ba chóir a mhíniú go gclúdaíonn na costais riaracháin sin réimse leathan caiteachais mar a bhaineann le pá agus cúrsaí foirne, riarachán ginearálta, cíos oifige, árachas, iniúchóireacht agus nithe gaolmhara eile.
Is foireann de 60 duine a bhí fostaithe ag Foras na Gaeilge ar 31 Nollaig 2011, ina measc naonúr a bhí fostaithe ar bhonn conartha ag plé leis an mórfhoclóir nua Béarla-Gaeilge. Tá foireann an Fhorais lonnaithe i gcúig oifig, lena n-áirítear dhá oifig i mBaile Átha Cliath agus oifigí eile i Ráth Chairn, Gaoth Dobhair agus Béal Feirste.