Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (49)

Brian Stanley

Question:

88 D’fhiafraigh Brian Stanley den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé mhéad post nua atá cruthaithe ag Údarás na Gaeltachta sna ceantair Ghaeltachta sna blianta 2009, 2010 agus 2011; cé mhéad post atá caillte ag Údarás na Gaeltachta i rith an ama sin; agus cé mhéad a chosnaigh gach post le linn na tréimhse sin. [12564/12]

View answer

Written answers

Tá an t-eolas maidir leis an méid post a chruthaigh Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht, an méid post a cailleadh agus an costas in aghaidh an phoist do na blianta 2009-2011 léirithe sa tábla thíos:

Bliain

Méid post a cruthaíodh

Méid post a cailleadh

Meánchostas in aghaidh an phoist

2009

710

1,431

€11,273

2010

704

1,102

€11,393

2011

734

808

€11,259*

*figiúr sealadach

Top
Share