Skip to main content
Normal View

Foras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 6 March 2012

Tuesday, 6 March 2012

Questions (50)

Question:

89 D’fhiafraigh Michael P. Kitt den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an féidir cruinniú a reáchtáil idir Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí nach bhfuil sásta leis an tSamhail Nua Mhaoinithe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12475/12]

View answer

Written answers

Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar mo fhreagra ar Cheist Uimhir 46 den 31 Eanáir 2012. Go hachomair, is fiú dhá phointe ar leith a threisiú arís:

is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas atá freagrach as cinntí straitéiseacha a thógáil maidir le Foras na Gaeilge; agus

mar thoradh ar threoir ón gComhairle Aireachta, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar na dréachtscéimeanna a bhaineann leis an samhail nua mhaoinithe ar siúl ag Foras na Gaeilge faoi láthair go dtí an 2 Aibreán 2012.

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin, tuigtear dom go bhfuil cruinnithe poiblí réigiúnacha á n-eagrú ag Foras na Gaeilge i ngach cúige i rith mhí an Mhárta chun deis a thabhairt do dhaoine, lena n-áirítear na heagraíochtaí bunmhaoinithe, ionchur a bheith acu sa phróiseas. Tuigtear dom freisin go bhfuil cuireadh tugtha ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí bunmhaoinithe go léir freastal ar chruinnithe ar leith leis an bhForas chun an tsamhail nua mhaoinithe a phlé.

Mar eolas don Teachta, d'aontaigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas ar an 14 Feabhra 2012 go bhféadfaidh Foras na Gaeilge leanúint le maoiniú eatramhach a chur ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe go dtí an 30 Meitheamh 2013.

Top
Share