Skip to main content
Normal View

Scoileanna Oileáin

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 March 2012

Wednesday, 21 March 2012

Questions (114, 115)

Éamon Ó Cuív

Question:

114 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh dhá oide ag múineadh i ngach bunscoil sna hoileáin nach bhfuil ceangailte leis an mórthír le droichead don scoilbhliain 2012/2013 ach nach bhfuil ach bunscoil amháin orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14983/12]

View answer

Written answers

Tá na socruithe foirne do na bunscoileanna uile don scoilbhliain 2012/13, na scoileanna oileáin ina measc, leagtha amach i gCiorclán Bunscoile 0007/2012 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne. Cuimsíonn na socruithe foráil don dara nó don tríú phost príomhshrutha múinteoireachta i scoil oileáin a choimeád, faoi réir ag tairseacha dalta áirithe, 8 agus 45 faoi seach, agus ar an gcoinníoll gurb í an scoil sin an t-aon bhunscoil atá fágtha ar an oileán.

Éamon Ó Cuív

Question:

115 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cé mhéad bunscoil atá lonnaithe ar oileáin gan ceangal droichid leis an mórthír; cad iad ainmneacha na scoileanna sin agus na n-oileán ar a bhfuil siad suite; cén líon daltaí agus cén líon múinteoirí ranga atá i ngach scoil acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14984/12]

View answer

Tá an t-eolas atá á lorg ar fáil ar na táblaí ceangailte.

UR

Ainm

Daltaí

Múinteoirí ranga

05164I

Scoil Naomh Cholmcille, Oileán Thoraí, Co Donegal

6

1

15955W

Scoil Naisiúnta Arainn Mhór 1, Arainn Mhor, Co Donegal

47

3

16384K

Scoil Naisiúnta Arainn Mhór 2, Arainn Mhor, Co Donegal

12

2

12339I

Scoil Naisiúnta Inis Meadhoin, Arainn, Co. na Gaillimhe

9

2

13174H

St Columba’s NS, Inisturk, Co Galway

6

1

13927H

Inisbhoffin NS, Inishbofin, Co Galway

21

2

17289V

Scoil Naisiúnta Caomháin, Inis Oirthir, Arainn, Co na Gaillimhe

22

2

17456O

Scoil Naisiúnta Rónáin, Aran, Co Galway

46

3

20210W

S N Eoin Pol II, Inis Mor, Arainn, Co. na Gaillimhe

17

2

14065H

Sherkin Island NS, Baltimore, Co Cork

8

2

19525R

Scoil Mhicil Noafa, Ballinakilla, Bere Island, Co Cork

21

2

14303U

Scoil Naisiúnta Cléire, Oileán Chléire, an Sciobairin, Co Cork

13

2

Dara Leibhéal

Uimhir Rolla

Ainm

Seoladh

2010-11

71244F

Gairmscoil Mhic Diarmada

An Leadhbgarbh, Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall

55

71300M

Gairmscoil Éinne Oileain Arann

Cill Rónain, Inis Mór, Árainn, Co. na Gaillimhe

70

71370K

Coláiste Ghobnait

Inis Oírr, Oileáin Arann, Cuan na Gaillimhe

23

76079S

Coláiste Phobail Cholmcille

Baile Úr, Oileán Thoraí,Doirí Beaga, Co. Dhún Na nGall

9

Top
Share