Cuireadh in iúl don duine ainmnithe gur ceadaíodh dó a bheith rannpháirteach sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011.
Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceáil riaracháin chuimsitheach a dhéanamh ar gach iarratas, lena n-áirítear cros-seiceálacha leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá tús curtha leis an bpróiseas sin le súil is tosú ag déanamh íocaíochtaí chomh luath agus is féidir. Sa chás go n-eascródh ceist ar bith mar thoradh ar na seiceálacha sin, déanfaidh mo Roinn teagmháil leis an duine ainmnithe go díreach.