Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Deontas

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 18 April 2012

Wednesday, 18 April 2012

Ceisteanna (1111)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1128 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair atá sé i gceist íocaíocht AEOS a dhéanamh le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [18664/12]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cuireadh in iúl don duine ainmnithe gur ceadaíodh dó a bheith rannpháirteach sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta 2011 le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011.

Faoi Rialacháin an AE a rialaíonn an Scéim agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceáil riaracháin chuimsitheach a dhéanamh ar gach iarratas, lena n-áirítear cros-seiceálacha leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá tús curtha leis an bpróiseas sin le súil is tosú ag déanamh íocaíochtaí chomh luath agus is féidir. Sa chás go n-eascródh ceist ar bith mar thoradh ar na seiceálacha sin, déanfaidh mo Roinn teagmháil leis an duine ainmnithe go díreach.

Barr
Roinn