Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 3 May 2012

Thursday, 3 May 2012

Questions (251)

Éamon Ó Cuív

Question:

254 D’fhiafraigh Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén socruithe atáá ndéanamh aige lena chinntiú go mbeidh páirceáil saor in aisce shábháilte ar fáil ag Cé Ros a’Mhíl do bhunadh na n-oileán lena gcarranna a fhágáil ann nuair atá siad ar an oileán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22430/12]

View answer

Written answers

Glacaim leis go bhfuil do cheist ag tagairt do pháirceáil ag Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Ní mór do mo Roinnse gach Ionad Cuan Iascaigh a stiúradh ar bhealach seasmhach airgeadais agus níl aon oibleagáid ann páirceáil saor in aisce a chur ar fáil i Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Thug mo Roinn faoi obair mhór uasghrádaithe ar shaoráidí páirceála i Ros an Mhíl le déanaí agus tá siad sin anois réidh le húsáid. Tá an Roinn ar tí iarratas ar thairsicintíó oibreoirí neamhspleácha a fhógairt chun an carrchlós a bhainistiú thar a ceann agus beidh táille le híoc ar an tsaoráid a úsáid.

Mar aitheantas ar na cúinsí speisialta a bhaineann le hÁrainn, áfach, bhuail oifigigh ó mo Roinnse agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hionadaithe Chomharchumainn Árann an 23 Feabhra 2012 chun plé a dhéanamh ar charrchlós saor in aisce a bheith ar fáil do mhuintir Árann amháin. Tá an carrchlós eile seo le taobh an charrchlóis ina n-íoctar airgead le pairceáil ann. Tá sé socraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil chun obair feabhais a dhéanamh ar an gcarrchlós saor in aisce. Tá ionadaithe Chomharchumainn na n-oileán le teacht ar ais chuig mo Roinnse faoin tairiscint.

Féadfaidh ar ndóigh muintir Árann an príomh-charrchlós a úsáid agus íoc as más mian leo sin a dhéanamh.

Questions Nos. 255 and 256 withdrawn.
Top
Share