Glacaim leis go bhfuil do cheist ag tagairt do pháirceáil ag Ionad Cuan Iascaigh Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Ní mór do mo Roinnse gach Ionad Cuan Iascaigh a stiúradh ar bhealach seasmhach airgeadais agus níl aon oibleagáid ann páirceáil saor in aisce a chur ar fáil i Ros an Mhíl do mhuintir Árann. Thug mo Roinn faoi obair mhór uasghrádaithe ar shaoráidí páirceála i Ros an Mhíl le déanaí agus tá siad sin anois réidh le húsáid. Tá an Roinn ar tí iarratas ar thairsicintíó oibreoirí neamhspleácha a fhógairt chun an carrchlós a bhainistiú thar a ceann agus beidh táille le híoc ar an tsaoráid a úsáid.
Mar aitheantas ar na cúinsí speisialta a bhaineann le hÁrainn, áfach, bhuail oifigigh ó mo Roinnse agus ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hionadaithe Chomharchumainn Árann an 23 Feabhra 2012 chun plé a dhéanamh ar charrchlós saor in aisce a bheith ar fáil do mhuintir Árann amháin. Tá an carrchlós eile seo le taobh an charrchlóis ina n-íoctar airgead le pairceáil ann. Tá sé socraithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú a chur ar fáil chun obair feabhais a dhéanamh ar an gcarrchlós saor in aisce. Tá ionadaithe Chomharchumainn na n-oileán le teacht ar ais chuig mo Roinnse faoin tairiscint.
Féadfaidh ar ndóigh muintir Árann an príomh-charrchlós a úsáid agus íoc as más mian leo sin a dhéanamh.