Tuigim cion tábhachtach na scoil-eanna Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú mar theanga an phobail. Áiríonn pleananna na Roinne seo agamsa soláthar chun tacú leis na scoileanna seo a ndualgais a chomhlíonadh faoi Ailt 6 agus 9 den Acht Oideachais i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus bearta eile.
Tá oifigigh ó mo Roinnse ag comhoibriú go dlúth le hoifigigh sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain. Tá bearta áirithe sa Straitéis ar bun cheana féin a thacóidh le scoileanna Gaeltachta, ina measc:
athmhachnamh ar na riachtanais i leith na Gaeilge d'iontráil ar chúrsaí oiliúna múinteoirí,
a chinntiú go n-ullmhaíonn ábhar na gcúrsaí oiliúna múinteoirí na múinteoirí mar is cuí chun an Ghaeilge a mhúineadh i suíomhanna trí mheán an Bhéarla agus trí mheán na Gaeilge,
leasú ar ábhar churaclam na bunscoile agus an timthrialla shóisearaigh don Ghaeilge,
athbhreithniú ar an siollabas don Ardteistiméireacht i bhfianaise thaithí na scoláirí i scrúdú na bliana 2012.
Tá mo Roinnse tiomanta freisin do thacú le scoileanna Gaeltachta trí oibriú Ailt 31 den Acht Oideachais. Ina leith seo, imríonn An Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta mór-ról i dtacú le forbairt acmhainní do theagasc na Gaeilge agus do theagasc trí Ghaeilge. Tá thart ar €1.75m á thabhairt ag mo Roinne don Chomhairle Um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta sa bhliain 2012 chun acmhainní dá leithéid a sholáthar. I measc na mbeart eile chun tacú le scoileanna Gaeltachta, cuirtear suas le deich faoin gcéad de na háiteanna oiliúna múinteoirí sna Coláistí Oiliúna ar leataobh d'iarrthóirí Gaeltachta d'fhonn a chinntiú go bhfuil soláthar ann de chainteoirí líofa Gaeilge chun teagasc i mbunscoileanna Gaeltachta. Leanfaidh mo Roinn den mhonatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfar i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus ar éifeachtúlacht na mbeart atá ar bun chun tacú le scoileanna Gaeltachta.