Tá maoiniú gur fiú beagnach €7m i bhfoirm cúnaimh reatha agus €1.35m i bhfoirm cúnaimh chaipitil curtha ar fáil faoi scéimeanna mo Roinnse le haghaidh oideachais tríú leibhéil sa Ghaeltacht san iomlán ó 2007 i leith. Cuimsítear sa chúnamh seo na hionaid Ghaeltachta ar fad atá faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a fheidhmíonn faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Níor mhiste dom a mhiniú chomh maith gur bhunaigh mo Roinnse ciste ar leith in 2006, atáá reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis an Údarás um Ard-Oideachas, chun maoiniú a chur ar fáil le forbairt a dhéanamh ar shainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal. Faoin gciste sin, tá suim iomlán de bheagnach €3.04m curtha ar fáil ó 2007 go dáta d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus d'Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn le 3 shainchúrsa ar leith a sholáthar. Tá na cúrsaí sin á reáchtáil faoi láthair in ionaid Ghaeltachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall. Sa bhreis air sin, tá suim iomlán €370,000 íoctha leis an gcomhlacht Europus ó 2009 go dáta le sainchúrsa ar leith a sholáthar.
Níl aon chinneadh déanta ag an bpointe ama seo maidir le maoiniú reatha le haghaidh oideachais tríú leibhéil don bhliain acadúil 2012/2013.