Ar Oifig na nOibreacha Poiblí atá an mhórfhreagracht cóiríocht a sholáthar do mo Roinnse. In athbhreithniú a rinneadh le déanaí ar an gcostas a bhain le cóiríocht agus ar na roghanna atá ann maidir le malairt áitribh shocraigh an OPW briseadh ón gconradh reatha. Dá réir sin, tá mo Roinnse ag obair leis an OPW chun socruithe nua a dhéanamh d’fhoireann Oifig Réigiúnach na Gaillimhe agus beidh aon chinntí a ghlactar bunaithe ar a riachtanais-san sa ghearrt éarma agus sa bhfadtéarma. Táimid faoi láthair ag déanamh measúnaithe ar an bhféadfadh go bhfuil malairt cóiríochta ar fáil i bhfoirgneamh na Roinne Cosanta ar an Rinn Mhór, Gaillimh agus i gColáiste Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí araon.