Tá pacáiste tacaíochta á chur ar fáil ag mo Roinnse faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le teaghlaigh atá ag súil le páiste nó a bhfuil páistí acu agus a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Is ar theaghlaigh de bhunadh na Gaeltachta atá an tionscnamh seo dírithe go príomha, cé go n-aithnítear go bhfuil éileamh air chomh maith lasmuigh den Ghaeltacht.
Go nuige seo, tá 116 pacáiste tacaíochta dáilte ag mo Roinnse: 27 chuig seoltaí poist sa Ghaeltacht agus 89 chuig seoltaí poist eile. Tá tuilleadh eolais sa tábla thíosluaite faoin éileamh atá ar an bpacáiste tacaíochta ón uair gur seoladh é faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh i mí Aibreáin 2012. Tá i gceist cur le hábhar an phacáiste go luath.
Contae
|
Líon dáilte
|
Dún na nGall
|
12
|
Maigh Eo
|
28
|
Gaillimh
|
17
|
Luimneach
|
1
|
Ciarraí
|
1
|
Corcaigh
|
7
|
Port Láirge
|
3
|
Tiobraid Árann
|
2
|
Baile Átha Cliath
|
34
|
Cill Dara
|
1
|
Cill Mhantáin
|
3
|
An Mhí
|
1
|
Lú
|
1
|
Aontroim
|
1
|
Áiteanna eile
|
|
Poblacht na hAifrice Theas
|
1
|
Londain
|
2
|