Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta Elections

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (30, 38)

Michael P. Kitt

Question:

30. D'fhiafraigh Deputy Michael P. Kitt den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta cé na pleananna atá aige chun Údarás na Gaeltachta nua a cheapadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41771/12]

View answer

Gerry Adams

Question:

38. D'fhiafraigh Deputy Gerry Adams den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le hionadaithe nua Údarás na Gaeltachta; agus maidir leis na daoine a roghnaítear mar ionadaithe Údarás na Gaeltachta, an gá dóibh bheith ina gComhairleoirí Contae. [41967/12]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimhreacha 30 agus 38 le chéile.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, ceapfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta seachtar comhalta, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord Údarás na Gaeltachta agus ainmneoidh Comhairlí Contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta eile le bheith ceaptha ag an Aire. Ceapfaidh an tAire an cúigear comhalta seo ar ainmniú na gComhairlí Contae as measc a gcomhaltaí tofa. I gcás nach féidir le Comhairle Contae duine dá comhaltaí tofa a ainmniú ar chúiseanna neamh-infhaighteachta nó mí-oiriúnachta, is féidir leis an gComhairle Contae sin duine seachas comhalta tofa a ainmniú. Faoin Acht, beidh ar gach duine a cheapfar a dheimhniú don Aire go bhfuil taithí acu, nó go bhfuil cumas léirithe acu, i ndáil le feidhmeanna an Údaráis, lena n-áirítear an cumas chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach i nGaeilge.

Tá cuireadh tugtha ag mo Roinnse do na Comhairlí Contae ábhartha ionadaithe a ainmniú do bhord Údarás na Gaeltachta. Go dtí seo, tá ainmniúcháin faighte ó gach ceann de na Comhairlí Contae ábhartha, cé is moite de Chomhairle Contae Dhún na nGall.

Ina theannta sin, d'fhógair mo Roinnse próiseas um léiriú spéise ar www.publicjobs.ie chun iarratais a lorg ó dhaoine a raibh suim acu i gceapachán chuig bord Údarás na Gaeltachta. Fuarthas 68 léiriú spéise mar thoradh ar an bpróiseas sin – 55 acu ó fhir agus 13 ó mhná.

Mar thoradh ar na céimeanna éagsúla thuasluaite, táim ag súil na ceapacháin don bhord nua a fhógairt go luath.

Top
Share