Skip to main content
Normal View

Oifig an Choimisinéara Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (32)

Brian Stanley

Question:

32. D'fhiafraigh Deputy Brian Stanley den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas maidir lena mianta ó thaobh thodhchaí Oifig an Choimisinéara Teanga. [41978/12]

View answer

Written answers

Tógadh cinneadh mar chuid de Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí go ndéanfaí feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman agus go gcuirfí an cinneadh sin i gcrích i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá ar siúl ag mo Roinnse. Faoin bPlean Athchóirithe sin, tá sé beartaithe ag an Rialtas go ndéanfar cuíchóiriú ar 48 comhlacht poiblí agus go ndéanfar athbhreithniú criticiúil ar 46 comhlacht poiblí eile.

Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas nach sábháil airgid amháin atá á lorg sna cúrsaí seo. Mar atá ráite sa Phlean Athchóirithe, tiocfaidh na buntáistí is suntasaí as timpeallacht riaracháin níos simplí agus níos éifeachtaí a bheith ann, rud a thabharfaidh cuntasacht dhaonlathach níos fearr, níos lú dúblála agus línte freagrachta níos soiléire don saoránach.

Tá tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm cinntí an Rialtais i gcás na n-áisíneachtaí a thagann faoi scáth mo Roinne-se, agus a bhfuil comhtháthú le déanamh orthu, curtha faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag mo Roinnse. Bheinn ag súil go rachfar faoi bhráid an Rialtais arís i dtráth cuí chun dlús a chur le cur i bhfeidhm na gcinntí i gcás na n-áisíneachtaí seo, lena n-áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga.

Question No. 33 answered with Question No. 12.
Top
Share