Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 3 October 2012

Wednesday, 3 October 2012

Questions (34)

Sandra McLellan

Question:

34. D'fhiafraigh Deputy Sandra McLellan den Aire Ealaíon; Oidhreachta agus Gaeltachta maidir leis an sprioc a luadh sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge go laethúil roimh 2020, cén líon daoine atá ag labhairt Gaeilge go laethúil anois agus conas a bhainfidh an Rialtas an sprioc sin amach. [41971/12]

View answer

Written answers

Tá sé mar mhórsprioc sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a mhéadú go 250,000 duine faoi 2030.

Léiríonn Daonáireamh 2011 go bhfuil 519,181 duine a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil laistigh den chóras oideachais agus go bhfuil 77,185 duine a labhraíonn an Ghaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Tháinig méadú ar an bhfigiúr seo ón 72,148 duine a dúirt i nDaonáireamh 2006 gur labhair siad Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Is forbairt dhearfach í an méadú seo maidir le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na spriocanna atá sonraithe sa Straitéis.

Tá bearta éagsúla á dtógáil faoin Straitéis chun líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú thar shaolré na Straitéise. Ar ndóigh, tá sé seo ag teacht leis an gClár Rialtais agus an gealltanas a tugadh ann maidir le spriocanna indéanta na Straitéise a sheachadadh. Sa chomhthéacs seo, tá ceann de na gníomhaíochtaí is suntasaí faoin Straitéis á chur i bhfeidhm agus bunús reachtúil tugtha do shainmhíniú úr ar an nGaeltacht faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den Straitéis le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Táthar ag cur tús le feidhmiú an phróisis sin i gcomhréir leis an Acht sna Limistéir Phleanála Teanga Ghaeltachta.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an Ghaeltacht teoranta do na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Líonraí Gaeilge atá lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta thraidisiúnta. Is ceantair iad seo a bhfuil a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a bhfuil toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge. Ina theannta sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Acht do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Is tríd an bpróiseas pleanála teanga go príomha, agus le hionchur ón bpobal agus ón Stát araon, a bhfuil i gceist tabhairt faoi athbheochan na Gaeilge le linn na tréimhse idir seo agus 2030.

Top
Share