Chuir an duine atá ainmnithe tús le Scéim 4 den Scéim um Chaomhnú an Chomhshaoil faoin Tuath (REPS 4) i mí an Mheithimh 2008 agus fuair sé íocaíochtaí do na chéad cheithre bliana dá chonradh.
Is beart é REPS 4 faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 reatha agus é faoi réir Rialacháin AE ina n-iarrtar go ndéanfaí seiceálacha riaracháin déine ar gach iarratas atá le comhlánú sula féidir aon íocaíochtaí a eisiúint. Tá an próiseas sin ar bun i gcás iarratais 2012 ar REPS 4 agus táim ag súil go gcuirfear tús le híocaíochtaí go luath. Sa chás go dtagann aon cheisteanna chun cinn ar chomhad an té atá ainmnithe, beidh oifigigh i mo Roinn i dteagmháil go díreach leis an té atá ainmnithe