Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 November 2012

Wednesday, 21 November 2012

Questions (192)

Éamon Ó Cuív

Question:

192. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntaiste (Disadvantage Area Scheme) 2012 le feilmeoir (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51711/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste ón duine ainmnithe an 14 Bealtaine 2012. Níl aon íocaíocht eisithe fós, áfach, mar nach gcomhlíonann gabháltas an té ainmnithe íos-cheanglais dlús-stoic na Scéime do 2012. A luaithe is a dheimhneofar go bhfuil an gabháltas ag comhlíonadh na gceanglas seo cuirfear an cás chun cinn le súil is íocaíocht a dhéanamh chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin.

Top
Share