Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 21 November 2012

Wednesday, 21 November 2012

Questions (193)

Éamon Ó Cuív

Question:

193. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntaiste (Disadvantage Area Scheme) 2012 le feilmeoir (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [51712/12]

View answer

Written answers

Fuarthas iarratas faoin Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 ón duine ainmnithe an 27 Aibreán 2012. Níor eisíodh íocaíocht go fóill, áfach, mar nárbh fhéidir go dtí seo a fhíorú gur comhlíonadh ceann de Théarmaí agus Coinníollacha Scéim 2012, a bhaineann le meánmhéid bliantúil de 0.15 aonad beostoic a choimeád in aghaidh an heicteáir foráiste dearbhaithe. Chomh luath agus is féidir an coinníoll sin a fhíorú, déanfar an cás a phróiseáil le súil agus íocaíocht a dhéanamh chomh luath ina dhiaidh sin agus is féidir.

Top
Share