I gcomhréir le dea-chleachtas an Rialtáis deiseanna a chur ar fáil do dhaoine ar suim leo feidhmiú ar bhoird Stáit, d’fhógair mo Roinn ar 30 Iúil 2012 go raibh léirithe spéise á lorg ó dhaoine a raibh suim acu a bheith ceaptha ar bhord Údarás na Gaeltachta. Chuige sin, iarradh orthu iarratais a chur chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ag www.publicjobs.ie.
Fuarthas 68 léirithe spéise mar fhreagra ar an bhfógra seo, 55 díobh ó fhir agus an 13 eile ó mhná. Ní miste dom a mhíniú don Teachta nach próiseas iomaíoch a bhí i gceist agus gur cuireadh in iúl go sonrach san fhógra poiblí go mbeadh an cinneadh deiridh maidir leis na ceapacháin ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Chun an próiseas seo a éascú, tugadh cuireadh do dhaoine sonraí a thabhairt maidir lena gcuid fostaíochta agus a gcuid cáilíochtaí acadúla chomh maith le léargas a thabhairt maidir lena gcumas sna hinniúlachtaí seo a leanas:
- Taithí ar bhainistiú gnó/bhainistiú airgeadais/iniúchadh airgeadais
- Taithí ar rialachas corparáideach
- Taithí ar bhainistiú acmhainní daonna agus ar fhorbairt straitéisí eagraíochtúla
- Taithí ar bhainistiú agus ar phleanáil straitéiseach
- Taithí ar an earnáil phoiblí/phríobháideach
- Taithí ar oibriú mar chuid d'fhoireann nó mar chomhalta boird
- Taithí ar fhorbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta
- Taithí ar chur chun cinn na Gaeilge
- Taithí ar an bpleanáil teanga
- Taithí ar an bhforbairt pobail
- Taithí ar chur chun cinn na n-ealaíon
- Cumas Gaeilge.
Tá réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha ar an mbord agus tá ionadaíocht ar an mbord ó gach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina dhlínse, rud a chinntíonn go bhfuil an bord nua ionadaíoch do phobal na Gaeltachta i gcoitinne.
As an seachtar comhalta a cheap mise ar an mbord, tá beirt bhan agus tá duine acu siúd ceaptha mar chathaoirleach, an chéad uair riamh gur tharla a leithéid ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta in 1980. Níor cuireadh aon ainmniúchán ó mhná chugam ón gcúig chomhairle contae a bhí i dteideal ainmniúcháin a dhéanamh.
Creidimse go gcuirfidh na socruithe atá déanta ar chumas Údarás na Gaeltachta feidhmiú go héifeachtach agus go straitéiseach sna blianta amach romhainn chun leas teangeolaíoch, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a threisiú i gcomhréir lena chuid feidhmeanna reachtúla.