Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta Issues

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 28 November 2012

Wednesday, 28 November 2012

Questions (54)

Gerry Adams

Question:

54. D'fhiafraigh Deputy Gerry Adams den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar na himpleachtaí a bheidh ann d'Údarás na Gaeltachta ag an gcinneadh deireadh a chur le Boird Fiontar contae agus Oifigí Fiontar áitiúla a chur ina n-áit, agus cé na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh seo d'fheidhmeanna fiontair Údarás na Gaeltachta. [52971/12]

View answer

Written answers

Faoi reachtaíocht Údarás na Gaeltachta, 1979–2010 (arna leasú ag Acht na Gaeltachta, 2012), tá feidhm reachtúil ag Údarás na Gaeltachta maidir le forbairt teanga, chultúir, shóisialta, fhisiciúil agus eacnamaíoch na Gaeltachta a chur chun cinn. Níl sé i gceist go dtiocfaidh aon athrú ar an bhfeidhm reachtúil sin mar gheall ar bhunú oifigí fiontar áitiúla in ionad na mBord Fiontar Contae atá ann faoi láthair.

Go stairiúil, tá comhoibriú an-mhaith idir Údarás na Gaeltachta agus na Boird Fiontar sna contaetha a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina ndlínse agus tá socruithe i bhfeidhm a chinntíonn gurb é an tÚdarás atá freagrach as forbairt micreathionscadal sa Ghaeltacht. Leanfar leis an gcomhoibriú seo faoin struchtúr nua atá beartaithe do na hoifigí fiontar áitiúla.

Top
Share