Skip to main content
Normal View

Wednesday, 28 Nov 2012

Written Answers Nos. 1-15

National Monuments

Questions (12, 14, 17)

Niall Collins

Question:

12. Deputy Niall Collins asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht the current timeframe for his decision on the future development of the Moore Street National monument, Dublin; and if he will make a statement on the matter. [53007/12]

View answer

Michael Moynihan

Question:

14. Deputy Michael Moynihan asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht if he has made any progress in setting out an environmental impact assessment for a new development near the Moore Street monument, Dublin; and if he will make a statement on the matter. [53003/12]

View answer

Mick Wallace

Question:

17. Deputy Mick Wallace asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht if he has received the environmental impact assessment of numbers 14 to 17 Moore Street, Dublin; the result of this assessment; and if he will make a statement on the matter. [52968/12]

View answer

Written answers

I propose to take Questions Nos. 12, 14 and 17 together.

Nos. 14 to 17 Moore Street are the subject of a Preservation Order under the National Monuments Acts. The effect of the Preservation Order is that any works affecting these properties require the consent of the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, under section 14 of the National Monuments Act 1930, as amended. The landowner’s application to my Department for consent to proposals that envisage the retention of the buildings and the provision of a commemorative centre to the 1916 Rising is being examined.

As part of the consent process, the applicant has been asked by my Department to submit an environmental impact statement in relation to the proposal. This is in accordance with the European Union (Environmental Impact Assessment of Proposed Demolition of National Monuments) Regulations 2012, which Minister Deenihan made in July. Those Regulations placed additional responsibilities on landowners in respect of monuments protected under the National Monuments Acts.

Following receipt of the environmental impact statement, which has yet to be submitted to my Department, and having completed the prescribed consultation procedures, the Minister will proceed as quickly as possible to undertake a formal environmental impact assessment and to make a decision on the consent application.

Soláthar Seirbhísí trí Ghaeilge

Questions (13)

Robert Troy

Question:

13. D'fhiafraigh Deputy Robert Troy den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé buartha faoin líon daoine a bhfuil Gaeilge acu sna Ranna éagsúla atá ag éirí as an obair, an mbeidh sé in ann a dhóthain daoine a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt isteach ina Roinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52996/12]

View answer

Written answers

I dtús báire, ní mór dom a mhíniú don Teachta nach bhfuil aon fheidhm reachtúil agam maidir le hearcaíocht don Státseirbhís. Is ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe atá an fhreagracht sin.

É sin ráite, tuigimid go léir go bhfuil cumas an Státchórais seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar níos teoranta faoi láthair, go háirithe ó thaobh acmhainní daonna de. Aithním, dá réir, an dúshlán mór a bhaineann le dóthain oifigeach le hinniúlacht sa Ghaeilge a bheith ar fáil trasna an Státchórais le seirbhísí a sholáthar trí Gaeilge.

Cuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla creat ar fáil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge de réir a chéile, ionas gur féidir dualgais an Stáit a chomhlíonadh ar bhealach comhtháite i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil. Tá an tAcht á chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, i gcomhréir leis an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí ar leith. Ní miste a rá go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge ón uair gur tháinig an tAcht i bhfeidhm in 2003.

Aithníodh ón tús go bhfuil acmhainní teoranta ag comhlachtaí poiblí chun seirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar don phobal agus go bhfuil dúshláin ar leith ann dóibh dá réir chun líon agus caighdeán na seirbhísí sin a fheabhsú. Sa chomhthéacs sin, ní miste an méid atá ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 maidir le hearcaíocht sa Státchóras a nótáil: is é sin go ndéanfar socruithe cuí chun cur leis an líon oifigeach atá in ann feidhmiú go dátheangach agus go mbunófar na socruithe sin de réir a chéile, ag aithint na srianta earcaíochta atá ann faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá sé ráite sa Straitéis go ndéanfar cláir oiliúna teanga a fhorbairt chun cur le líon na n-oifigeach atá in ann seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge.

Tá an cur chuige is oiriúnaí chun feidhm a thabhairt do na bearta éagsúla sin á bplé ag mo Roinnse, mar chuid de chur i bhfeidhm na Straitéise, i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus páirtithe leasmhara eile, ag tógáil san áireamh na srianta ar acmhainní atá i bhfeidhm faoi láthair. Mar chéad chéim, tá sé aontaithe i bprionsabal leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go mbeidh mo Roinnse freagrach as socruithe a fheidhmiú i ndáil le hoiliúint foirne agus le measúnú inniúlachta foirne in úsáid na Gaeilge sa Státseirbhís agus in earnálacha áirithe den tseirbhís phoiblí. Táthar ag súil go mbeidh na socruithe seo curtha i bhfeidhm ó thús na bliana úire.

Question No. 14 answered with Question No. 12.

Forálacha Pinsin

Questions (15)

Mary Lou McDonald

Question:

15. D'fhiafraigh Deputy Mary Lou McDonald den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an gcuirfidh sé tábla ar fáil a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na 136 phinsean atá á n-íoc ag Údarás na Gaeltachta le hiarfhostaithe na heagraíochta, tábla a thugann miondealú, ar bhonn gráid agus scála, ar na pinsin atá á n-íoc ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le hiarfhostaithe na Roinne, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair d'Údarás na Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Údarás, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá, an dtabharfaidh sé líon na mball foirne, más ann dóibh, a bhíodh ag obair don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a chuaigh ar scor agus atá fostaithe ag an Údarás ó shin, nó atá ag fáil íocaíocht i bhfoirm eile ón Roinn, agus miondealú a thabhairt ar an líon sin ar bhonn gráid agus scála pá; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52974/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, déantar teidlíochtaí aonair pinsin a ríomh trí thagairt do phá an duine agus d'fhad seirbhíse ar an dáta scoir. Tá miondealú de réir réimse luacha na 136 pinsean a íocann Údarás na Gaeltachta faoi láthair i leith iarfhostaithe leagtha amach sa tábla thíos. Féadfaidh an Teachta a nótáil go n-íoctar 16 de na pinsin sin le baintreacha iarfhostaithe.

Luach an phinsin bhliantúil

Líon atá á fháil

0 – 10,000

28

10,001 – 20,000

38

20,001 – 30,000

18

30,001 – 40,000

13

40,001 – 50,000

18

50,001 – 60,000

12

60,001 – 70,000

5

70,001 – 80,000

4

Iomlán

136

Maidir le foireann atá ar scor ó mo Roinnse, is eol don Teachta gur ar Oifig an Phámháistir Ghinearálta atá an fhreagracht maidir le riar agus le híoc pinsean i ndáil le státseirbhísigh atá ar scor.

Mar a chuir mé in iúl don Teach cheana, tá Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire ag fostú aturnae atá ar scor ar chonradh deich mí atá le dul in éag ar an 31 Nollaig 2012. €39,438 a bheidh mar chostas foriomlán an chonartha seo. Ní mór a nótáil go raibh iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fostaithe chomh maith mar Phríomhfheidhmeannach eatramhach ar an gcomhlacht sin ar feadh tréimhse ceithre mhí a dtáinig críoch léi ar an 30 Aibreán 2012 ar chostas €20,916. Tá curtha in iúl dom gur cuireadh an prionsabal lacáiste i bhfeidhm sa dá chás sin.

Níor athfhostaigh Údarás na Gaeltachta ball ar bith foirne de chuid mo Roinnse a chuaigh ar scor, ná ball ar bith foirne ar scor atá ag fáil íocaíochta ó mo Roinnse.

Top
Share