Charlie McConalogue
Question:226. D'fhiafraigh Deputy Charlie McConalogue den Aire Oideachais agus Scileanna an dtuigeann sé an baol a bhaineann leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a lonnú san fhoirgneamh céanna leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, mar ós fíric idirnáisiúnta í go dtéann mórtheanga i bhfeidhm ar mhionteanga agus ós rud é go mbeidh i bhfad Éireann níos mó daoine ag obair le CNCM tá an-bhaol ann do theanga oibre COGG; ag breathnú siar anois air, an fearr an cinneadh maidir le CNCM agus COGG a lonnú le chéile a fhreaschur; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [56596/12]
View answer