Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Questions (176)

Éamon Ó Cuív

Question:

176. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén soláthar atá déanta i meastacháin 2013 do Scéim na bhFoghlaimeoirí; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57717/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá an leithdháileadh do mo Roinnse i dtaca le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán foilsithe don bhliain 2013. Beidh soláthar reatha de tuairim is €6.723m ar fáil don bhliain seo chugainn do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i mí Feabhra 2013. Cé go bhfuil laghdú tagtha ar an allúntas ón mbliain seo caite, tá mé ag súil go mbeidh mé in ann na seirbhísí túslíne sna réimsí seo – ar nós na mná tí agus na coláistí Gaeilge – a chosaint oiread agus is féidir.

Top
Share