Skip to main content
Normal View

Calafoirt agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 20 December 2012

Thursday, 20 December 2012

Questions (175)

Éamon Ó Cuív

Question:

175. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil soláthar déanta i meastacháin 2013 maidir le tairiscint a iarraidh chun cé Inis Oírr a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [57716/12]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, tá an leithdháileadh do mo Roinnse i dtaca le gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán foilsithe don bhliain 2013. Beidh soláthar de tuairim is €0.68m ar fáil d'fhorbairtí caipitil ar na hoileáin don bhliain seo chugainn. Is figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i mí Feabhra 2013. Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, nach leor an soláthar sin le go mbeidh ar chumas mo Roinne cuidiú le Comhairle Contae na Gaillimhe tabhairt faoi mhór-fhorbairt ar an gcé ar Inis Oírr in 2013.

Top
Share