Éamon Ó Cuív
Question:567. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhógrófar athruithe i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do 2013 [1200/13]
View answerDáil Éireann Debate, Wednesday - 16 January 2013
567. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a fhógrófar athruithe i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge do 2013 [1200/13]
View answerAr an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go leanfar ag íoc deontas i mbliana le teaghlaigh aitheanta Gaeltachta a choinníonn foghlaimeoirí ar iostas agus iad ag freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Tá soláthar reatha de tuairim is €6.723m ar fáil i mbliana do mo Roinn faoi na Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa i mí Feabhra 2013. Maidir le haon athrú a bheadh le déanamh ar an scéim, ní miste a rá go mbíonn cumarsáid rialta ag mo Roinn le Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh (CONCOS).