Íocadh deontas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoirí a bhí ar iostas le teaghlaigh sa Ghaeltacht i 2012.
Moladh i dtuarascáil mo Roinne, dar teideal Athbhreithniú ar chóras na gColáistí Samhraidh a foilsíodh i 2000, gur 14 foghlaimeoirí a bheadh mar uaslíon ceadaithe i ngach teach atá aitheanta faoin scéim agus go gcuirfí an moladh sin i bhfeidhm thar thréimhse 5 bliana. Tá sé i gceist ag mo Roinn leanúint i mbliana ag íoc deontas i leith uasmhéid de 14 foghlaimeoirí i ngach teach atá aitheanta faoin scéim.