Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 117 agus 118 le chéile. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais a foilsíodh ar an 15 Eanáir, táthar ag súil bille a fhoilsiú i mbliana ina ndéanfar foráil do leasuithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, mar thoradh ar an athbhreithniú ar an Acht. Mar a thuigfidh an Teachta, braitheann an t-amscála ar go leor tosca, lena n-áirítear an plé cuí leis na páirtithe leasmhara éagsúla agus an sceideal reachtaíochta i dTithe an Oireachtais.
Tá na céimeanna cuí idir lámha ag mo Roinnse faoi láthair chun moltaí a chur faoi bhráid an Rialtais i dtaca le leasú an Achta. Mar is eol don Teachta, fuarthas 1,400 freagra ar an suirbhé agus 262 aighneacht le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh mar chuid den athbhreithniú ar an Acht anuraidh. Tá anailís déanta ar na moltaí a fuarthas faoin bpróiseas sin agus déanfar iad a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne in am trátha.