Beidh an conradh reatha ceithre bliana chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ag teacht chun deiridh ar 31 Lúnasa 2013. De réir na comhairle dlí atá faighte ag mo Roinne, is amhlaidh nach féidir, faoi réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh, síneadh a chur leis an gconradh atá i bhfeidhm faoi láthair.
Tá mo Roinn ag tógáil na céimeanna cuí chun go bhfógrófar comórtas tairisceana do chonradh nua don tréimhse 1 Meán Fómhair 2013 go dtí 31 Lúnasa 2014, leis an rogha síneadh bliana a chur leis an gconradh nua go dtí 31 Lúnasa 2015. Táthar ag tógáil na céimeanna seo i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Fógrófar an comórtas tairisceana a luaithe is atá cead an Choimisiúin Eorpaigh faighte don chur chuige seo.