Tá comhpháirtíocht i bhfeidhm idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon le roinnt blianta anuas ar mhaithe le hEalaín (na Gaeltachta) Teo a mhaoiniú. Leanfar leis an gcomhpháirtíocht sin i mbliana le maoiniú iomlán de €670,000. Mar thoradh air sin, beidh clár cuimsitheach tacaíochta á chur ar fáil ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo le cuidiú le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht. Tuigtear dom fosta go mbeidh Plean Straitéise d’Fhorbairt na nEalaíon sa Ghaeltacht 2013-2016 á sheoladh ag Ealaín (na Gaeltachta) Teo go luath.
Bunaíodh Óige na Gaeltachta le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta in 2006. I láthair na huaire, tá 45 club óige agus 4 ionad sóisialta eile ag feidhmiú faoina scáth. Anuas air sin, tá breis agus 1,800 duine óg cláraithe leis an eagraíocht. Tá maoiniú de €250,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta d’Óige na Gaeltachta i mbliana.
Ní miste a aithint, ar ndóigh, go dtacaíonn gníomhaíochtaí Ealaín (na Gaeltachta) Teo agus Óige na Gaeltachta araon le cur i bhfeidhm gnéithe tábhachtacha den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.