Tá próiseas ar bun ag Údarás na Gaeltachta le tamall anuas chun féachaint ar na roghanna inmharthana agus forbartha is fearr chun todhchaí an chomhlachta Arramara Teo. a dhaingniú. Chuige sin, cuireadh próiseas ar bun chun páirtnéir a aimsiú a bheadh in ann an comhlacht a fhorbairt agus tugadh deis don chomhlacht féin cás gnó a dhéanamh chomh maith.
Ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta ar 1 Márta 2013, tógadh cinneadh scaireanna an Údaráis sa chomhlacht a dhíol leis an gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd., faoi réir mo chead agus cead an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a bheith faighte agus coinníollacha dlí ina leith a bheith socraithe.
Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go raibh leas na mbainteoirí feamainne lárnach i bpróiseas cinnteoireachta an Údaráis maidir le todhchaí an chomhlachta Arramara Teo.