Skip to main content
Normal View

Liúntas Múineadh trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 28 March 2013

Thursday, 28 March 2013

Questions (107)

Éamon Ó Cuív

Question:

107. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén fáth nach bhfuil an liúntas múineadh trí Ghaeilge á íoc le duine ó mo Dháilcheantar (sonraí tugtha) ó tharla go raibh sé á íoc léi go Samhain seo caite [15833/13]

View answer

Written answers

D'aistrigh an duine dá dtagraíonn an Teachta dá deoin féin go dtí scoil eile i mí na Samhna 2012. Faoi théarmaí Chiorcláin 0008/2013 caillfidh múinteoir a t(h)eidlíocht don Liúntas do Mhúineadh trí Ghaeilge má éiríonn sé/í as an jabról sin ar nó i ndiaidh 1ú Feabhra 2012.

Top
Share