Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 162 agus 163 le chéile.
Ceapadh Príomhoifigeach Cúnta i mo Roinnse ar na mallaibh chun déileáil le réimse gníomhaíochtaí ó thaobh na Gaeilge de, lena n-áirítear na feidhmeanna a bhíodh ag an bPríomhoifigeach Logainmneacha. Faoi láthair, tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe sa Roinn agus iad ag plé le clár oibre ar leith. Níl aon phlean ann an líon oifigeach seo a laghdú amach anseo. Mar a thuigfidh an Teachta, tá mo Roinnse ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.