Skip to main content
Normal View

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 May 2013

Tuesday, 7 May 2013

Questions (238, 239)

Maureen O'Sullivan

Question:

238. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé chun éisteacht leis na 63 eagraíocht, idir eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta, mac léinn, cultúrtha agus eile, a scríobh chuige ar an 19 Márta 2013 á mholadh go n-aithneofaí pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheallsealbhóirí ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, agus an struchtúr riachtanach ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta chun na fadhbanna le cur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo a réiteach, lena chinntiú go ndéanfaidh an pobal agus na húdaráis le chéile a gcuid féin den Straitéis, agus lena chinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite éifeachtach éifeachtúil ann ón mbun aníos; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21280/13]

View answer

Maureen O'Sullivan

Question:

239. D'fhiafraigh Deputy Maureen O'Sullivan den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad go díreach, go praiticiúil, a chuirfear i bhfeidhm sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; cé atá i bhfeighil ar chur chuige na straitéise i Roinn an Taoisigh agus i Roinn na Gaeltachta; an bhfuil rannóg faoi leith ann i Roinn na Gaeltachta atá ag plé leis an straitéis amháin; má tá, cé mhéid duine atá ag obair ansin; cé a bheidh ag déanamh athbhreithniú ar an Straitéis; cad é an creat ama don athbhreithniú sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21281/13]

View answer

Written answers

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 238 agus 239 le chéile.

Is sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Sa chomhthéacs seo, tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.

Aithnítear sa Straitéis go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl ag mo Roinn le páirtithe leasmhara éagsúla chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm. Ós rud é go bhfuil an Straitéis fite fuaite le hobair mo Roinne sna réimsí Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán trí chéile, tá na rannóga sin i mo Roinn ag plé le cur i bhfeidhm na Straitéise sna réimsí sin.

Thug mo Roinn faoi chéim an bhunaithe den Straitéis a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin Straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hAcht na Gaeltachta a thugann bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a thugann ról lárnach sa phleanáil teanga d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge.

Mar thoradh ar an obair atá ar siúl ag mo Roinn le páirtithe leasmhara na Straitéise, táthar ag súil go mbeidh na páirtithe sin ag foilsiú a gcuid pleananna forfheidhmithe faoin Straitéis níos moille i mbliana. Ina theannta sin, tá sé i gceist tuarascáil a fhoilsiú níos moille i mbliana maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoin Straitéis go dáta. Tá an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air, ag déanamh maoirseachta ar an dul chun cinn faoin Straitéis.

Mar thoradh ar Acht na Gaeltachta, beidh ról níos lárnaí ná riamh ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ag na heagraíochtaí pobail i gcur i bhfeidhm na Straitéise tríd an bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Tá tosaíocht á tabhairt ag mo Roinn d’ullmhú na reachtaíochta tánaistí faoi Acht na Gaeltachta. Is faoin reachtaíocht seo a shonrófar na critéir pleanála teanga a bheidh mar bhunús chun pleananna teanga a aithint sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge. Tá obair ullmhúcháin ar bun ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge chun cabhrú le heagraíochtaí pobail ar an talamh pleananna teanga a fhorbairt sna ceantair éagsúla.

Maidir leis an éileamh atá déanta ag an earnáil dheonach go mbeidh ról níos lárnaí acu i gcur i bhfeidhm na Straitéise, tá sé i gceist seimineár a reáchtáil leis na heagraíochtaí seo ó am go chéile. Beidh sé de bhuntáiste ag a leithéid de chur chuige go mbeadh bealach ann chun an próiseas maidir le malartú eolais faoin Straitéis a éascú idir an Roinn agus na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ina theannta sin, tabharfaidh seimineáir dá leithéid deis an próiseas pleanála teanga a phlé leis na heagraíochtaí seo freisin. Táim ag súil go mbeidh an chéad seimineár á reáchtáil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta níos moille i mbliana.

Top
Share