Skip to main content
Normal View

Údarás na Gaeltachta Issues

Dáil Éireann Debate, Thursday - 30 May 2013

Thursday, 30 May 2013

Questions (38)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

38. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas ar an bhforbairt atá beartaithe ag an gcomhlacht Bioniche/Mylan in Indreabhán, Contae na Gaillimhe, i bhfianaise an mhéadaithe ar an líon post a d’fhógair an Taoiseach anuraidh, cé méid post atá cruthaithe go dtí seo; cé méid post a bhfuil súil ag an Aire go gcruthófar iad; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [26255/13]

View answer

Written answers

Mar is eol don Teachta, d’fhógair an Taoiseach i mí Aibreáin 2012 go mbeadh 220 post breise á chruthú thar thréimhse trí bliana ag an gcomhlacht Mylan / Bioniche in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil 55 post breise cruthaithe ó shin i leith, rud a fhágann go bhfuil 205 duine fostaithe ag an gcomhlacht in Indreabhán faoi láthair.

Question No. 39 answered with Question No. 35.
Top
Share