Chuir mo Roinn críoch le deanaí le hathbhreithniú iomlán ar chaiteachas faoi ghnéithe Leader den Chlár Forbartha Tuaithe 2007-2013 chun an méid maoinithe a bhí fágtha a dháileadh ar na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla go léir atá fostaithe chun an Clár a sholáthar. Mar chuid den phróiseas seo, rinneadh €6 milliún a sholáthar do na ceantair Ghaeltachta a raibh Meitheal Forbartha na Gaeltachta, MFG, ag freastal orthu cheana.
Agus an €6 milliún á dháileadh ar na ceantair Ghaeltachta, mar chéad chéim, rinne mo Roinn maoiniú a sholáthar chun freastal ar na ceangaltais a bhí ann cheana maidir leis na comhaid oidhreachta de chuid MFG agus na costais riaracháin a ghabhann leo sna ceantair Ghaeltachta go léir. Ba í an tsuim iomlán a bhí i gceist ná €3.04 milliún. Bhain €1,175,441 den mhéid seo le Comhar na nOileán i.e. €979,534 maidir le comhaid oidhreachta de chuid MFG agus €195,907 maidir lena gcostais riaracháin. Bronnadh suim iomlán de €2,122,427 ar Chomhar na nOileán do na ceantair Ghaeltachta. Chomh maith leis sin, is í an tsuim athbhreithnithe atá bronnta do na ceantair nach ceantair Ghaeltachta iad a ndéanann Comhar na nOileán orthu ná €4,702,745. Is é an maoiniú iomlán don Chlár atá ar fáil do Chomhar na nOileán mar sin ná €6,825,171. Luaite thíos tá íocaíochtaí agus ceangaltais de chuid an Chuideachta Forbartha Áitiúil.
-
|
Riarachán-Administration
|
Íocaíochtaí iomlána do thograí
|
Ceangaltais gan íoc
|
Comhar na nOileán
|
€901,696
|
€1,902,511
|
€1,117,154
|