Tháinig deireadh le trádáil ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta, MFG, ar 7 Meán Fómhair, 2011, mar gheall ar dhócmhainneacht an chomhlachta. Ina dhiaidh sin, d’iarr mo Roinn léiriú spéise i ról MFG sna ceantair sin a thógáil ar láimh ar na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla (CFÁs) eile. Tugadh Toghranna Ceantair Ghaeltachta cóngaracha d’ocht CFÁs faoi chonarthaí leasaithe ag deireadh 2012 ina dhiaidh sin.
Is é an t-aon cheantar Gaeltachta atá fágtha nach bhfuil clúdaithe faoi láthair ná ceantar Mhaigh Eo Thuaidh. Faoi láthair tá an Roinn ag déanamh measúnaithe ar léirithe spéise atá curtha faoina bráid le déanaí ag soláthraithe seirbhíse eile ina thaobh seo, agus tá cinneadh beagnach déanta ina thaobh anois. Faoin am a ndearnadh MFG a leachtú bhí maoiniú glan de €4.5 milliún dáilte ar thograí agus suim de €1.99 milliún íoctha amach, ag fágáil fuílleach de €2.5 milliún do thograí oidhreachta.
Le déanaí chuir mo Roinn críoch le hathbhreithniú iomlán ar chaiteachas faoi ghnéithe LEADER den Chlár um Fhorbairt Tuaithe 2007-2013 chun an méid maoinithe a bhí fágtha a dháileadh ar na CFÁs go léir atá fostaithe chun an Clár a sholáthar. Mar chuid den phróiseas seo, rinneadh €6 milliún a sholáthar do na ceantair Ghaeltachta a raibh Meitheal Forbartha na Gaeltachta ag freastal orthu cheana. Mar chéad chéim, rinne mo Roinn maoiniú de €3.04 milliún a sholáthar chun freastal ar na comhaid oidhreachta de chuid MFG agus a gcostais riaracháin. Sa tábla thíos tá na sonraí maidir leis na leithdháiltí nua agus na híocaíochtaí déanta ag na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla ag 9 Aibreán, 2013.
Comhlacht Forbartha Áitiúil
|
Leithdháileadh iomlán don Ghaeltacht
|
Íoctha do thograí Gaeltachta
|
Comhar na nOileán Teo
|
2,122,427
|
0
|
Donegal Local Development Company Limited
|
1,332,153
|
0
|
Mayo North East LEADER Partnership Company
|
925,548
|
0
|
Meath Partnership
|
245,952
|
0
|
North & East Kerry LEADER Partnership Teo
|
483,183
|
0
|
South Kerry Development Partnership
|
196,009
|
17,300
|
South West Mayo Development Company
|
341,111
|
133,336
|
Waterford LEADER Partnership
|
107,920
|
0
|
West Cork Development Partnership
|
245,697
|
14,745
|
|
€6,000,000
|
€165,380
|