Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Dlí

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 June 2013

Wednesday, 26 June 2013

Questions (158)

Éamon Ó Cuív

Question:

158. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cé na socruithe atá ag Údarás na Gaeltachta maidir le seirbhísí dlí inmheánacha; an bhfuil i gceist an obair seo a ligean amach ar tairiscint nó aturnae nua a fhostú in Údarás na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30855/13]

View answer

Written answers

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear tar éis tairiscintí a lorg go poiblí le seirbhísí dlí a sholáthar don eagraíocht. Tuigim chomh maith go bhfuil na tairiscintí sin á meas ag an Údarás faoi láthair agus go mbeidh cinneadh déanta ina leith réasúnta luath.

Top
Share